Conas mar a cheart dom freagairt d'éileamh?
Conas mar a cheart dom freagairt d'éileamh?
Cad is ceart dom a dhéanamh má dhéantar éileamh i mo choinne?
Má dhéantar éileamh i do choinne tríd an PIAB, gheobhaidh tú "Fógra Foirmiúil". Níl anseo ach fógra go bhfuil duine ag déanamh éileamh i do choinne.
Molaimid duit do chuideachta árachais a chur ar an eolas a luaithe is a gheobhaidh tú Fógra Foirmiúil. Pléifidh an chuideachta árachais go díreach leis an PIAB thar do cheann.
Ní hionann an cúiteamh a dhámhtar i ngach cás díobhála pearsanta. Tá treoir, áfach, le fáil sa Leabhar Candaim chun an méid is dóigh a gheobhaidh éilitheoir a mheas bunaithe ar nádúr agus méid na díobhála.
Má bhíonn tú sásta go ndéanfadh an PIAB measúnú ar d'éileamh ní mór duit táille reachtúil a íoc chun iarratas an éilitheora a láimhseáil. Má tá do chuideachta árachais le déileáil le d'iarratas thar do cheann, áfach, íocfaidh siadsan an táille duit. Is táille ar leith an táille reachtúil ó aon socrú éilimh a dhéanfaí.
Cad faoi mura mbím sásta go ndéanfadh an PIAB measúnú ar éileamh i mo choinne?
Mura bhfuil tú sásta go ndéanfaí measúnú, eiseofar 'Údarú' ar an éilitheoir rud a chiallaíonn go bhféadfaidh siadsan leanúint le cás i do choinne tríd an gCúirt más mian leo sin a dhéanamh.
Ní mór duit freagra a thabhairt i scríbhinn ar an PIAB laistigh de 90 lá ó gheobhaidh tú 'Fógra Foirmiúil' ina dtugann tú le fios nach bhfuil tú sásta go ndéanfaimis measúnú ar an éileamh i do choinne.
Tá bileog eolais mionsonraithe le fáil ar rannóg Foirmeacha agus Treoirlínte ár láithreáin gréasáin.