Chat with us,powered by LiveChat

Languages - Gaeilge

Languages - Gaeilge - Make a Claim

 

Conas éileamh a dhéanamh

Faoin Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003, ní mór do dhuine ar bith atá ag lorg cúitimh ar dhíobháil phearsanta (cé is móite de dhíobháil phearsanta a tharla de bhun soláthar seirbhíse sláinte) iarratas a dhéanamh chuig PIAB, ar a dtugtaí an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB) roimhe seo. Déileálann PIAB le héilimh ar dhíobháil phearsanta a bhaineann le timpistí gluaisteáin, timpistí san ionad oibre agus éilimh a bhaineann le dliteanas poiblí.

Tugann an mhír seo eolas duit conas iarratas a dhéanamh chuig PIAB má tharla díobháil phearsanta duit agus más mian leat cúiteamh a lorg. Tugann na míreanna seo a leanas cuntas ar na céimeanna a bhíonn i gceist.

Cad ba cheart dom a dhéanamh i ndiaidh timpiste?

A luaithe agus is féidir i ndiaidh na timpiste ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an bhFreagróir (an Freagróir a thugaimid ar an té nó ar an aonán a ndéantar éileamh ina leith) agus é/í/iad a chur ar an eolas go bhfuil sé i gceist agat éileamh a dhéanamh. Comhairlítear duit an Freagróir a chur ar an eolas, i scríbhinn, laistigh de dhá mhí ó dháta na timpiste.

Le héileamh ar dhíobhálacha pearsanta a dhéanamh beidh ort iarratas a sheoladh isteach chuig PIAB.

 

Cad atá i gceist le hiarratas a sheoladh isteach chuig PIAB ?

Is féidir leat iarratas a sheoladh isteach ach ceann ar bith de na modhanna íoca thíos a úsáid:

  • ar líne -nó-
  • tríd an bpost chuig PIAB, Bosca O.P. 8, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí, P85 YH98.

Éilítear ort na cáipéisí seo a leanas a bheith agat chun iarratas iomlán a dhéanamh chuig PIAB:

  • Foirm iarratais líonta isteach (Foirm A) ar féidir í a sheoladh isteach ar líne nó tríd an bpost.
  • Foirm mheasúnaithe leighis (Foirm B) arna líonadh isteach ag do dhochtúir cóireála.

 

-        €90 ar páipéar/tríd an ríomhphost a íoc, agus €45 ar líne. Is féidir é sin a dhéanamh ar líne nó trí ghlaoch ar 1890 829 121 agus mionsonraí cárta creidmheasa/léasair a thabhairt. Nó is féidir seic nó ordú poist a bheadh iníoctha le PIAB a sheoladh sa phost chuig PIAB, Bosca O.P. 8, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí, P85 YH98.

 

Cé gur féidir Iarratas a dhéanamh ar líne is féidir an fhoirm a fháil freisin:

·Ónár láithreán gréasáin: www.piab.ie

·ar an nguthán: LoCall 0818 829 121, nó

·tríd an bpost ó: PIAB, Bosca O.P. 8, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí, P85 YH98.

 

An ndéileálann PIAB le héilimh thar ceann Mionaoiseach (daoine atá faoin bhun 18 mbliana d'aois)?

Ní mór éilimh a bhaineann le Mionaoisigh a chur faoi bhráid PIAB freisin. De bhrí go bhfuil siad faoi bhun 18 mbliana d'aois, ní mór do 'neaschara' ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann agus an t-éileamh a dhéanamh dóibh. Is tuismitheoir nó caomhnóir an mhionaoisigh a bhíonn sa 'neaschara' de ghnáth.

Déanfaidh PIAB measúnú ar éileamh a dhéantar thar ceann Mionaoisigh ar an ngnáthbhealach, ach ní mór do Chúirt an Measúnú a fhaomhadh nuair a ghlacann an dá pháirtí leis sula dtreoirítear don bhFreagróir an méid atá i gceist a íoc.

 

Céard a tharlaíonn nuair a fhaigheann PIAB an tIarratas comhlánaithe uaim?

Scrúdóidh PIAB an tIarratas agus na cáipéisí tacaíochta a ghabhann leis. Ní féidir linn dul ar aghaidh leis an bpróiseas mura bhfuil gach cáipéis riachtanach faighte ag PIAB.

Nuair a bheidh an tIarratas déanta ina iomláine i.e. iarratas, foirm mheasúnaithe leighis agus táille faighte, tabharfaimid aitheantas i scríbhinn do dháta a fhaighte agus tabharfaimid uimhir Iarratais duit. Déarfaimid leat freisin céard iad na chéad chéimeanna eile sa phróiseas.

 

Cad a tharlóidh ansin?

Cuirfidh PIAB an té atá freagrach dar leat as do dhíobháil (an Freagróir) ar an eolas go bhfuil rún agat éileamh a dhéanamh ina c(h)oinne. Tabharfar cóip de d'Fhoirm Iarratais don bhFreagróir mar aon le cóip de do Thuairisc Leighis.

Beidh 90 lá ag an bhFreagróir a dheimhniú an dtugann sé/sí cead d'éileamh a mheas nó nach dtugann. Má fhaighimid cead ón bhFreagróir, leanfaimid ar aghaidh le measúnú d'éilimh.

Sa chás nach gceadóidh an Freagróir measúnú d'éilimh, eiseoimid Údarú a cheadóidh duit an t-ábhar a thabhairt chun Cúirte sa chás gur mian leat é sin a dhéanamh.

Nuair a gheobhaidh PIAB gach cáipéis riachtanach leanfaimid ar aghaidh le measúnú d'éilimh. Bíonn idir Dhochair Ghinearálta agus Dochair Speisialta i gceist le measúnú de ghnáth.

 

Cad is Dochair Ghinearálta ann?

Clúdaíonn Dochair Ghinearálta cúiteamh as pian agus fulaingt a tharla mar gheall ar dhíobhálacha a tharla duit sa timpiste.

 

Conas a dhéantar an measúnú?

Déanann PIAB Damáistí a mheas ar an mbonn céanna agus leis na prionsabail chéanna is a dhéanann na Cúirteanna Damáistí a thomhas. Bíonn an measúnú a dhéanaimid bunaithe ar thuairisc(í) leighis a chuireann do dhochtúir cóireála isteach agus ar thuairisc(í) ó scrúdaitheoir(í) neamhspleách(a) leighis nuair a iarrann PIAB orthu iad.

Déanaimid an t-éileamh a mheas ansin bunaithe ar an bhfianaise leighis ar fad a chuirtear ar fáil agus Leabhar na gCostas a ghlacadh san áireamh againn.

 

Céard a tharlaíonn nuair a chríochnaíonn PIAB an measúnú?

 

Cuirfimid tú féin agus an Freagróir ar an eolas i scríbhinn faoi mhéid an mheasúnaithe, i.e. leibhéal an chúitimh atáthar a bhronnadh. Beidh 28 lá agat ó dháta faighte an fhógra measúnaithe dearbhú i scríbhinn cibé ar bhfuil tú chun glacadh leis an measúnú nó diúltú dó.

  • Má ghlacann tú leis an measúnú, ní mór duit é sin a chur in iúl i scríbhinn do PIAB.
  • Má ghlacann an Freagróir leis an measúnú chomh maith, eiseoimid 'Ordú Íoca'. Tá an stádas céanna aige seo le dámhachtain Chúirte.
  • Mura bhfaighimid freagra uait i scríbhinn taobh istigh den 28 lá, glacfar leis go bhfuil diúltaithe agat don mheasúnú.
  • Má dhiúltaíonn ceachtar páirtí don mheasúnú, eiseoimid ansin Údarú a thabharfaidh cead dóibh dul chun Cúirte leis an éileamh, más mian leo é sin a dhéanamh.
  • Ba chóir duit a thabhairt faoi deara má dhiúltaíonn tú don mheasúnú nuair a dhéanfar é agus má théitear chun cúirte, go bhféadfadh costais a bheith ort agus/nó ar an bhFreagróir.

 

Conas is féidir liom dul i dteagmháil le PIAB ?

 

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi phróiseas PIAB, déan teagmháil linn ag:

 

 

PIAB, Bosca OP 8

Cloich na Coillte

P85 YH98

Teil: LoCall 0818 829 121 nó ó Thuaisceart Éireann 0870 876 8121 - Luan go hAoine (8am go 6pm)

Ríomhphost: enquiries@piab.ie 

 

BÍONN DEIS AG AN DÁ PHÁIRTÍ TEACHT AR CHOMHRÉITEACH I gCÓNAÍ AGUS BA CHÓIR PIAB A CHUR AR AN EOLAS MÁ THÁRLAÍONN A LEITHÉID.