Conas éileamh a dhéanamh
Faoin Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003, ní mór do dhuine ar bith atá ag lorg cúitimh ar dhíobháil phearsanta (cé is móite de dhíobháil phearsanta a tharla de bhun soláthar seirbhíse sláinte) iarratas a dhéanamh chuig PIAB, ar a dtugtaí an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB) roimhe seo. Déileálann PIAB le héilimh ar dhíobháil phearsanta a bhaineann le timpistí gluaisteáin, timpistí san ionad oibre agus éilimh a bhaineann le dliteanas poiblí.
Tugann an mhír seo eolas duit conas iarratas a dhéanamh chuig PIAB má tharla díobháil phearsanta duit agus más mian leat cúiteamh a lorg. Tugann na míreanna seo a leanas cuntas ar na céimeanna a bhíonn i gceist.
Cad ba cheart dom a dhéanamh i ndiaidh timpiste?
A luaithe agus is féidir i ndiaidh na timpiste ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an bhFreagróir (an Freagróir a thugaimid ar an té nó ar an aonán a ndéantar éileamh ina leith) agus é/í/iad a chur ar an eolas go bhfuil sé i gceist agat éileamh a dhéanamh. Comhairlítear duit an Freagróir a chur ar an eolas, i scríbhinn, laistigh de dhá mhí ó dháta na timpiste.
Le héileamh ar dhíobhálacha pearsanta a dhéanamh beidh ort iarratas a sheoladh isteach chuig PIAB.
Cad atá i gceist le hiarratas a sheoladh isteach chuig PIAB ?
Is féidir leat iarratas a sheoladh isteach ach ceann ar bith de na modhanna íoca thíos a úsáid:
- ar líne -nó-
- tríd an bpost chuig PIAB, Bosca O.P. 8, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí, P85 YH98.
Éilítear ort na cáipéisí seo a leanas a bheith agat chun iarratas iomlán a dhéanamh chuig PIAB:
- Foirm iarratais líonta isteach ar féidir í a sheoladh isteach ar líne nó tríd an bpost.
- Foirm mheasúnaithe leighis arna líonadh isteach ag do dhochtúir cóireála.
Foirmeacha is déanaí ar fáil anseo.
- €90 ar páipéar/tríd an ríomhphost a íoc, agus €45 ar líne. Is féidir é sin a dhéanamh ar líne nó trí ghlaoch ar 1890 829 121 agus mionsonraí cárta creidmheasa/léasair a thabhairt. Nó is féidir seic nó ordú poist a bheadh iníoctha le PIAB a sheoladh sa phost chuig PIAB, Bosca O.P. 8, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí, P85 YH98.
Conas is féidir liom dul i dteagmháil le PIAB ?
Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi phróiseas PIAB, déan teagmháil linn ag:
PIAB, Bosca OP 8
Cloich na Coillte
P85 YH98
Teil: LoCall 0818 829 121 nó ó Thuaisceart Éireann 0870 876 8121 - Luan go hAoine (8am go 6pm)
Ríomhphost: enquiries@piab.ie